{"product_id":"i-ngra-de-8-6th-class","title":"I NGRA DE 8 - 6TH CLASS","description":"I nGra De 8 - 6th Class - Pupil Book\u003cbr\u003e\n\u003cbr\u003e\n\u003cbr\u003e\n\u003cbr\u003e\n\u003cbr\u003e\n\u003cbr\u003e\n\u003cbr\u003e\n\u003cbr\u003e\n\u003cbr\u003e\n\u003cbr\u003e\n\u003cbr\u003e\n\u003cbr\u003e\n\u003cbr\u003e\nIs é I nGrá Dé an tsraith Oideachas Reiligiúnach nua do bhunscoileanna in Éirinn. Chun cuidiú le curaclaim nua, ceadaithe ó Chomhdháil Easpag na hÉireann a thabhairt isteach, cuirfear I nGrá Dé ar fáil in ionad Beo go Deo, sraith a tugadh isteach don chead uair i 1997. Leanfaidh an t-athsholáthar seo ar feadh ceithre bliana amach anseo.Tá gach clár sa tsraith I nGrá Dé roinnte i dtéamaí, a thugann deis do mhúinteoirí déileáil leis na téamaí éagsúla agus baint a thógáil as pleanáil agus comhtháthú traschuraclaim i múineadh an Oideachais Reiligiúnaigh. Tá na téamaí éagsúla deartha le go leanfaidís idir dhá agus ceithre seachtaine. Chomh maith le Nótaí an Mhúinteora agus na bileoga oibre i Lámhleabhar an Mhúinteora (ar féidir fótachóip a dhéanamh dóibh), cuirfear sraith chuimsitheach d’acmhainní ar líne ar fáil saor in aisce freisin, lena n-áirítear léaráidí a théann le gach scéal, gearrthóga físe agus naisc ghréasáin le haghaidh tuilleadh staidéir.Gach seachtain, iarrfar ar thuismitheoirí agus ar bhaill teaghlaigh cabhrú lena gcuid páistí rud éigin a bhaineann leis an chlár a dhéanamh sa bhaile. Ar an gcúis sin, cuirfidh leabhar an pháiste, I nGrá Dé, léaráidí, scéalta, dánta agus gníomhaíochtaí do theaghlaigh ar fáil, le déanamh le chéile sa bhaile. Tabharfar cuireadh do thuismitheoirí agus do leanaí freisin, labhairt agus guí a dhéanamh faoin méid a bhfuil á fhoghlaim acu ar scoil.","brand":"The Bookmark ","offers":[{"title":"Default Title","offer_id":65128273871197,"sku":"9781847309655","price":16.5,"currency_code":"EUR","in_stock":false}],"thumbnail_url":"\/\/cdn.shopify.com\/s\/files\/1\/0978\/3459\/8749\/files\/Veritas-I-nGra-De-8-6th-Class-9781847309655.jpg?v=1782988344","url":"https:\/\/www.thebookmark.ie\/products\/i-ngra-de-8-6th-class","provider":"The Bookmark ","version":"1.0","type":"link"}