{"product_id":"t-gaeilge-agam-1","title":"TÁ GAEILGE AGAM! 1","description":"Tá Gaeilge Agam! 1 – Leagan Amach na nAonad Teanga\u003cbr\u003e\nTá leagan amach thar a bheith rialta ar na hAonaid Teanga sa leabhar mar atá:\u003cbr\u003e\n\u003cbr\u003e\n\u003cbr\u003e\nSúil Siar ina dtugtar foclóir cuí ó Churaclam Gaeilge na Bunscoile chun cuimhne mar ghníomh réamh-fhoghlamtha.\u003cbr\u003e\n\u003cbr\u003e\nBunchlocha ina múintear an teanga atá riachtanach chun plé le hábhar an aonaid.\u003cbr\u003e\n\u003cbr\u003e\nSeo Linn! ina dtugtar seans do na daltaí an teanga atá foghlamtha acu a úsáid ar bhealach cumarsáideach idirghníomhach.\u003cbr\u003e\n\u003cbr\u003e\nÉistimis! ina dtugtar seans do na daltaí teacht isteach ar fhuaimeanna na Gaeilge agus cur lena gcumas tuisceana ar an teanga labhartha.\u003cbr\u003e\n\u003cbr\u003e\nCúinne na Gramadaí ina múintear gramadach fheidhmiúil atá bunaithe ar a bhfuil foghlamtha acu san aonad go dtí sin.\u003cbr\u003e\n\u003cbr\u003e\nCúinne an Chultúir ina ndéantar nasc idir theanga an aonaid agus gné dhílis de chultúr na Gaeilge. Cuirtear dán nó amhrán atá ad rem in aithne do na daltaí sa mhír seo freisin.\u003cbr\u003e\n\u003cbr\u003e\nA bhuíochas ar rialtacht an leagan amach, beidh an t-oide in ann a c(h)uid múinteoireachta a phleanáil go críochnúil agus an fhoghlaim a thástáil láithreach.\u003cbr\u003e\nChomh maith leis seo beidh na daltaí in ann an dul chun cinn atá siad a dhéanamh a fheiceáil agus a sheiceáil go héasca trí fhilleadh ar na Bunchlocha nuair is gá agus trí na seicliostaí féinmheasúnaithe a chomhlánú ag deireadh gach aonaid.\u003cbr\u003e\nAn Taifead Pearsanta: Mo Scéal Féin agus an Leabhar Oibre\u003cbr\u003e\nRiachtanas bunúsach eile den chúrsa nua is ea an Taifead Pearsanta. Iarrtar ar gach dalta taifead a choinneáil ar an dul chun cinn atá á dhéanamh acu. Freastalaíonn Tá Gaeilge Agam! 1 ar an riachtanas seo ar dhá bhealach – in Mo Scéal Féin ina gcoinníonn an dalta taifead ar a gcuid sonraí pearsanta féin i nGaeilge (le cabhair ó na Bunchlocha) agus sa Leabhar Oibre ina mbeidh samplaí dá gcuid oibre – bunaithe ar an méid a d’fhoghlaim siad sna haonaid éagsúla.","brand":"The Bookmark ","offers":[{"title":"Default Title","offer_id":65128597291357,"sku":"9780714424439","price":26.05,"currency_code":"EUR","in_stock":false}],"thumbnail_url":"\/\/cdn.shopify.com\/s\/files\/1\/0978\/3459\/8749\/files\/CJ-Fallon-Ta-Gaeilge-Agam-1-9780714424439.jpg?v=1782990618","url":"https:\/\/www.thebookmark.ie\/products\/t-gaeilge-agam-1","provider":"The Bookmark ","version":"1.0","type":"link"}